Bogearra den chéad scoth, anois as Gaeilge!

Cabhair

Conas is féidir cabhair a fháil le LibreOffice?  Má tá Béarla agat, féach ar na hacmhainní thíos!

  • Doiciméadú: Tá go leor cáipéisí úsáideacha ar fáil ón leathanach doiciméadaithe.
  • Ceisteanna Coitianta: Táimid ag bailiú liosta de na ceisteanna is coitianta ó úsáideoirí.  Seans go bhfuil freagra ar do cheist ann cheana féin.  Mura bhfuil, cuir ríomhphost chuig ár liosta tacaíochta agus mol dóibh do cheist a chur san áireamh.
  • Liostaí Ríomhphoist: Is é an liosta ríomhphoist users@global.libreoffice.org an phríomhfhoinse tacaíochta d'úsáideoirí a bhfuil ceist nó fadhb acu. Caithfidh tú clárú leis an liosta sular féidir leat ceist a chur. Chun clárú, seol teachtaireacht fholamh (gan líne ábhair, gan chorp) chuig users+subscribe@global.libreoffice.org. Gheobhaidh tú treoracha mar fhreagra ar an teachtaireacht sin (féach i d'fhillteán drámhphoist ar eagla na heagla).  Tá go leor liostaí ríomhphoist eile againn; déan cuairt ar innéacs na liostaí ríomhphoist. Má tá tú ag iarraidh liosta a fhágáil, féach ar na treoracha, anseo.
  • Nabble: Tuigimid gur fearr le go leor daoine ceisteanna a chur ar chlár plé nó ar fhóram.  Mar sin, is féidir leat na liostaí ríomhphoist go léir a léamh, agus ceisteanna a chur chucu, trí chomhéadan Gréasán darb ainm Nabble.  I ngach "catagóir" in Nabble, gheobhaidh tú na teachtaireachtaí ó cheann de na liostaí ríomhphoist s'againn. Sular féidir leat teachtaireacht a sheoladh chuig liosta trí Nabble, caithfidh tú cuntas Nabble a chruthú (cliceáil an nasc "Register" ag barr an leathanaigh innéacs) ansin logáil isteach (cliceáil an nasc "Login" ar an leathanach céanna).
  • Fóraim: Tá cabhair ar fáil ó shuímh neamhspleácha chomh maith. Go hiondúil is gnáthúsáideoirí LibreOffice nó OpenOffice.org atá i gceannas ar na suímh seo, agus tá cabhair den chéad scoth ar fáil uathu. Mar shampla:
  • Cainéil IRC: Déan comhrá beo linn trí IRC ag freenode.net.  Bainimid úsáid as an gcainéal #documentfoundation le haghaidh tacaíochta agus plé ginearálta. Más ríomhchláraitheoir thú agus ba mhaith leat páirt a ghlacadh i bhforbairt LibreOffice, déan comhrá beo linn ar an gcainéal #libreoffice-dev ag irc.freenode.net).