Bogearra den chéad scoth, anois as Gaeilge!

LibreOffice Gaeilge: Príomhleathanach

Is éard atá in LibreOffice ná sraithchlár oifige saor in aisce agus comhoiriúnach le Windows, Mac, agus GNU/Linux. Mar chuid den sraithchlár seo, gheobhaidh tú sé fheidhmchlár chumhachtach a chabhraíonn leat cáipéisí a chruthú agus do chuid sonraí a phróiseáil: LibreOffice Writer, Calc, Impress, Draw, Math agus Base. Tá tacaíocht agus doiciméadú ar fáil saor in aisce freisin, ónár gcomhphobal mór paiseanta: úsáideoirí, rannpháirtithe, aistritheoirí, agus forbróirí. Is féidir leatsa féin páirt a ghlacadh chomh maith!

Íosluchtaigh LibreOffice

Céard atá ann? LibreOffice as Gaeilge

  • Writer: Próiseálaí Focal fuinniúil lenar féidir leat doiciméid, tuarascálacha, nuachtlitreacha agus bróisiúir a chruthú.
  • Calc: Scarbhileog atá lán le gnéithe sainiúla.
  • Impress: An modh is tapúla chun taispeántais ilmheáin a chruthú.
  • Draw: Cuirfidh an clár seo ar do chumas idir léaráidí simplí, léiriúcháin bhríomhara thríthoiseacha, agus maisíochtaí éagsúla a dhéanamh.
  • Base: Clár láidir a thabharfas na huirlisí cuí duit gnáthobair bunachar sonraí a dhéanamh go simplí ar bhonn scarbhileoige.
  • Math: Clár a chuidíonn leat obair le cothromóidí matamaiticiúla.

Gheobhaidh tú cur síos iomlán ar ghnéithe na sraithe anseo:

LibreOffice Features (i mBéarla)